Pas le Gradam sa Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí 2023

 

Ba ar an Aoine, 1ú lá de Mhárta 2024, áit a raibh céiliúradh fíor speisialta agus ócáid an-taitneamhach in Ollscoil na Gaillimhe.  Bronnadh teastais ar bheirt scoláire ar éirigh leo Pas le Gradam a bhaint amach sa Ghaeilge i scrúdú ardleibhéal T2 na Sraithe Sóisearaí 2023. Ba iad Eleanor East agus Kate Bracken a bronnadh an gradam seo orthu. Tráthúil go leor gurbh é an chéad lá de Sheachtain na Gaeilge a bhí ann freisin. Níl aon dabht faoi ach gur phioc siad an-lá don ócáid seo. Bhí neart Gaeilge le cloisteáil ó chuile dhuine agus ba rud iontach é seo a chloistéail. Rinneadh na píosaí cainte ar fad i nGaeilge. Tá an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach dúinn i gColáiste na Toirbhirte agus b’éacht iontach é beirt scoláirí a bheith againn i láthair don bhronnadh. Tá na múinteoirí Gaeilge ar fad i gColáiste na Toirbhirte an-bhródúil as an éacht seo a bhain na scoláirí amach. Tá todhchaí na Gaeilge ag neartú le cúnamh dé. Ár mbuíochas do na múinteoirí ar mhúin na scoláirí seo Ita Cunningham agus Aodán Ó Droighneáin. Mar a deir an seanfhocal ‘beatha an teanga í a labhairt’.